Seoladh INTERCELT, 1991
TaisceCineál
Grianghraf
Dáta
1991
Comhthéacs
Fuair an Chomhdháil, faoin gclár Eorpach INTERREG, maoiniú don tionscadal INTERCELT, dírithe ar an turasóireacht chultúrtha agus go háirithe ar chuairteoirí a mhealladh go dtí oirthear Laighean. Bhí gach eolas ar fáil ar shuíomh idirlín www.intercelt.com ar imeachtaí cultúir agus ar imeachtaí a bhain leis an nGaeilge.
Pearsana
An tAire James McDaid, Peadar Ó Flatharta
Cur síos
Seoladh INTERCELT, 1991. Ó chlé: Ionadaí de chuid INTERCELT, an tAire James McDaid, Peadar Ó Flatharta agus logo INTERCELT ina lámh aige. Lógó na Comhdhála agus bratach an Aontais Eorpaigh sa chúlra.
Foinse
Bailiúchán Choláiste na bhFiann
Eochairfhocail
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, INTERCELT, INTERREG, turasóireacht chultúrtha, tionscadail Eorpacha, tíortha Cheilteacha