Maidir le Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Thug an scríbhneoir agus an t-iriseoir Máiréad Ní Chinnéide (1942–2015) faoi stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a scríobh don chéad uair breis agus 25 bliain ó shin. Cé gur bheartaigh an Chomhdháil, tar éis di a cuid oibre a chríochnú sa bhliain 1995, gan an saothar a fhoilsiú an tráth sin, mhair an bhunscríbhinn i gcartlann na Comhdhála nó gur cuireadh i dtaisce í sa Leabharlann Náisiúnta in 2014 tar éis scor na Comhdhála.

I bhfianaise scor na Comhdhála agus bhás Mháiréad sa bhliain 2015 braitheadh gur chóir an t-eolas a bailíodh a chur ar fáil agus thionscain LeabhairCOMHAR togra foilsitheoireachta chun scéal na Comhdhála a chur i gcló. Agus tréimhse áirithe caite ó cuireadh críoch leis an mbunscríbhinn chuaigh Aonghus Ó Lochlainn, craoltóir aitheanta le Raidió na Life agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, i mbun eagarthóireachta ar an saothar agus chuir sé ábhar breise leis a thug cuntas ar bhlianta deiridh na Comhdhála.

Is é Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (LeabhairCOMHAR, 2018) príomhthoradh na hoibre sin. Leabhar suntasach atá ann, ní amháin sa ríomh a dhéanann sé ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí a raibh lámh acu le Gluaiseacht na Gaeilge san fhichiú haois, ach toisc go bhfuil scéal na Comhdhála ina scáthán ar imeachtaí deonacha na Gaeilge san aois seo caite. Tugann an leabhar an-taifead ar an dúthracht a thug scata mór díograiseoirí chun cás na teanga a fheabhsú agus a neartú. Tá breis eolais maidir leis an leabhar ar fáil anseo.

Seoladh Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Seoladh Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Aithníodh freisin gurb iomaí bealach atá ann le scéal na Comhdhála a insint agus gur chuí do COMHAR agus do LeabhairCOMHAR, mar fhoilsitheoir, tionscadal ilmheán a chur ar bun chun an scéal sin a chur i láthair an phobail. Cuimsíonn an tionscadal seo, anuas ar an leabhar féin, na gnéithe seo a leanas:

  • Togra comhpháirtíochta le Raidió na Life chun sraith thrí chlár raidió, Scéal na Comhdhála, a léiriú. Tugann an tsraith seo aghaidh ar ghné phearsanta scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus cloistear guthanna éagsúla a bhain leis an gComhdháil agus le hearnáil na teanga ag roinnt a gcuid tuairimí agus a saintaithí ar an scéal. Is féidir éisteacht leis an tsraith anseo.
  • Taisce ar líne de ghrianghraif agus d'earraí éagsúla a bhaineann le stair na Comhdhála. Tugann an taisce ábhar seo, a tharraingíonn ar bhailiúchán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa Leabharlann Náisiúnta chomh maith le bailiúcháin ábhartha eile, léargas físiúil ar chúrsaí na Comhdhála thar breis agus seasca bliain. Is féidir an taisce a bhrabhsáil anseo.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ba í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Bhí sé mar phríomhchuspóir ag an eagraíocht “bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.”

Óna bunú i 1947, bhí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge agus i stocaireacht ar son phobal na Gaeilge. Ó obair ar an talamh go gníomhaíochtaí ar reachtaíocht, go comhordú ar eagraíochtaí náisiúnta na Gaeilge, is iomaí gné de shaol na Gaeilge a láidrigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tháinig deireadh leis an gComhdháil sa bhliain 2014 tráth a baineadh an bonn maoinithe a bhí fúithi agus cuíchóiriú á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar earnáil na teanga.

Rannpháirithe an tionscadail

  • Údar Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: Máiréad Ní Chinnéide
  • Eagarthóir Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: Aonghus Ó Lochlainn
  • Léiritheoir/láithreoir Scéal na Comhdhála (clár raidió): Aonghus Ó Lochlainn
  • Feidhmeannaigh tionscadail: Elly Shaw & Caitríona Ó hAodhagáin

Is mór ag COMHAR an tacaíocht a tugadh don tionscadal seo faoi choimirce Bliain na Gaeilge 2018.

Is mór ag COMHAR, freisin, ár gcomhpháirtíocht le Raidió na Life i dtaca leis an tsraith raidió Scéal na Comhdhála chomh maith leis an tacaíocht a thug Údarás Craolacháin na hÉireann tríd an scéim Fís & Fuaim leis an tsraith sin a léiriú.

Slua ag seoladh Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@comhar.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.