Fógra ISO 9002 ar fhoirgneamh na Comhdhála

Taisce

Cineál

Grianghraf

Dáta

1998

Comhthéacs

Ba í an Chomhdháil an chéad eagraíocht dheonach Gaeilge a fuair an cháilíocht thábhachtach seo, mar thoradh ar ullmhúcháin an-dian ar chórais imeachta uile na heagraíochta. Mar chuid de seo, cuireadh go mór leis an gcóras teicneolaíochta agus le cumas theicneolaíoch na foirne. B’aitheantas é an cháilíocht ar éifeacht agus ar éifeachtúlacht struchtúir agus chórais oibre na Comhdhála.

Cur síos

Radharc ar an dtaobh amuigh d’fhoirgneamh na Comhdhála ar Shráid Chill Dara agus meirge crochta air ag fógairt an cháilíocht ISO 9002 a bheith bainte amach ag an gComhdháil, leis an manna ‘Is [Grá] liom ISO 9002’.

Foinse

Bailiúchán Choláiste na bhFiann

Eochairfhocail

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ISO 9002, teicneolaíocht, córais oibre

Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@comhar.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.